Ar dtús báire, ba shoiléir dom agus mé ag léamh an leabhar go bhfuil mo leibhéal léamhthuisceana i bhfad níos laige ná mar a shíl mé. Nuair a thosaigh mé á léamh, bhí mé ag iarraidh an saibhreas a bhlaiseadh ina hiomlán, rud a d'fhág mo lámha bochta lag i ndiaidh dóibh achan chúpla focal a aimsiú in Ó Dónaill, agus an tuige cuí a fháil, agus b'fhéidir dá rithfeadh nath ón leabhar liom a chuaigh i bhfeidhm orm, go scríobhfainn ar an phár é. Lean an próiseas seo leis go deas socair ar feadh giota, ach de réir a chéile tháinig laghdú ar mo shuim san uile fhocal, agus san uile nath, siocair go bhfuil an leabhar plódaithe ó thús deiridh leo, agus na meafair fileata agus na nathanna saibhre agus na híomhanna iontachta uilig ag teacht i mullach a chéile. Shocraigh mé ar phlean eile sa deireadh, shocraigh mé ar an mhionscrúdú ar na habairtí uilig sa leabhar a chur ar leataobh, ach an scéal a thabhairt liom agus na focail chasta nár aithin mé a fhágáil i mo dhiaidh go dtí an t-am go mbeidh an deis agam filleadh orthu agus iad a shealbhú go hiomlán.
D'ardaigh seo ceisteanna ionam. Cad chuige nach bhfuil mé ábalta, agus mé i mbliain mo chéime, achan leabhar a léamh gan a bheith ag lorg na bhfoclóirí go mion minic. An é nach bhfuil mé cliste go leor leis an teanga chur faoi smacht? B'fhéidir, ach sílim nach mbeidh ach líon beag de Ghaeilgóirí na tíre seo ábalta an leabhar céanna a léamh gan deacrachtaí. Creidim sa mhéid sin siocair nár féidir liom an taobh eile den scéal a chreidiúint, nó cuirfidh sé in ísle brí mé.
Is aoibhinn liom an scéal. Tá cúrsaí staire na tréimhse chomh saibhir agus chomh cruinn is go ligeann sé don léitheoir a shamhlaíocht a scaoileadh amach. Tá an scéal bunaithe ar Mhuireadhach Ó Dálaigh, file mór le rá i saol na Gaeilge i bhfad siar, agus ní chreidim cé chomh éifeachtach agus atá an scéal inste ag Alan Titley. Nílim le haon chuid den phlota a nochtadh ach molaim go mór daoibh, a dhaoine uaisle, cóip den leabhar a fháil agus a léamh má tá an fáil agaibh a leithéid a dhéanamh. B'fhiú go mór é mar fhoinse Gaeilge d'ardchaighdeán agus mar fhoinse staire cruinne araon. Dár ndóigh, is féidir léirmheastóireachtaí i bhfad níos foirfe ná mo cheannsa a fháil ar-líne, ach cheap mé gur chóir dom píosa a scríobh air os rud gur dheachaigh an leabhar i bhfeidhm chomh mór sin orm!
No comments:
Post a Comment